Pobalscoil Chorca Dhuibhne

2.4K posts

Pobalscoil Chorca Dhuibhne banner
Pobalscoil Chorca Dhuibhne

Pobalscoil Chorca Dhuibhne

@PCD_07

Tá an scoil ag cur iar-bhunoideachas lán-Ghaeilge ar fáil do phobal Chorca Dhuibhne. The school provides a Post Primary Education through the medium of Irish.

An Daingean, Co. Chiarraí. انضم Nisan 2014
0 يتبع1.1K المتابعون
Pobalscoil Chorca Dhuibhne
Bhí ana bhua ag cailíní caide PCD fé 14.5 tráthnóna. Léiríodar scileanna den scoth, obair foirne iontach agus diogbháilteacht ón gcéad fheadóg go dtí an fheadóg dheireanach. Cluiche ana iomaíoch ab ea é agus gan ach aon phointe amháin eatarthu ag deireadh an chluiche. Maith sibh
Pobalscoil Chorca Dhuibhne tweet mediaPobalscoil Chorca Dhuibhne tweet mediaPobalscoil Chorca Dhuibhne tweet media
CY
0
2
4
370
Pobalscoil Chorca Dhuibhne
Táimid ar bís ar maidin do Chraobh Caide na Mumhan. Go n-éirí le cailíní PCD fé 14.5 inniu!
Pobalscoil Chorca Dhuibhne tweet mediaPobalscoil Chorca Dhuibhne tweet media
0
0
2
100
Pobalscoil Chorca Dhuibhne
Is ag léimt le háthas a bhí buachaillí cispheile ón gcéad bhliain nuair a bhuadar an Chraobh Réigiúnach inné i Luimneach. D'imríodar le fuinneamh, fonn agus scil den scoth chun bua iontach foirne a bhaint amach. Maith sibh a leaideanna!
Pobalscoil Chorca Dhuibhne tweet media
CY
0
0
1
141
Pobalscoil Chorca Dhuibhne
Tá Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag tabhairt cuireadh daoibh a bheith páirteach sa Chlasaic Ghailf ar an Aoine, an chéad lá Bealtaine i gCeann Sibéal. Raghaidh an t-airgead a bhaileofar i dtreo costaisí imeachtaí eischuraclaime na ndaltaí.
Pobalscoil Chorca Dhuibhne tweet media
CY
0
0
0
116
Pobalscoil Chorca Dhuibhne
Bhí lá fén dtor ag daltaí na hidirbhliana ar an Aoine agus iad ag prapáil don gCamino i mí Bealtaine. Bhaineadar ana thaitneamh as an siúl sa ghrian. Buen Camino....
Pobalscoil Chorca Dhuibhne tweet mediaPobalscoil Chorca Dhuibhne tweet mediaPobalscoil Chorca Dhuibhne tweet media
0
0
1
171
Pobalscoil Chorca Dhuibhne
Blaiseadh de dhaltaí na hidirbhliana agus iad ar stáitse le déanaí san amharclann WAVE Dingle. Fís iomlán “Croí Chorca Dhuibhne” le feiceáil ar lgh Vimeo na scoile vimeo.com/pcd07/videos
0
1
7
680
Pobalscoil Chorca Dhuibhne
D'fhreastail daltaí na 5ú bliana ar searmanas speisialta, áit gur tugadh aitheantas don nasc idir Springfield Thiar agus Corca Dhuibhne. Bhí deis ag na daltaí bualadh le William Reichelt (Maor Springfield Thiar) agus le Ed Sullivan ( Iarmhaor) ar an lá. Comhar, Cabhair, Cairdeas
Pobalscoil Chorca Dhuibhne tweet media
CY
0
2
5
481
Pobalscoil Chorca Dhuibhne
Comhghairdeas ó chroí le Ríona Bácaéir a bhain gradam amach mar "Cóitseálaí Óg na Bliana" sa Kingdom Greyhound Stadium i dTrá Lí le déanaí. Is inspioráid í Ríona do dhaltaí eile agus sampla iontach do cheannaireacht dhearfach sa spórt.
Pobalscoil Chorca Dhuibhne tweet mediaPobalscoil Chorca Dhuibhne tweet media
0
0
1
245
Pobalscoil Chorca Dhuibhne
Bhí bua iontach ag na cailíní caide ó PCD inniu ar an mbóthar i Mala. 3-7   2-6  an scór a bhí ann. Ar aghaidh leo anois go Cluiche Ceannais na Mumhan i gceann coicíse. Éacht iontach!
Pobalscoil Chorca Dhuibhne tweet mediaPobalscoil Chorca Dhuibhne tweet media
0
1
7
434
Pobalscoil Chorca Dhuibhne
Táimid chomh bródúil as éachtaí Kieran Ó Catháin le déanaí sa chomórtas Caitheamh Meáchain. Bhain sé an 5ú áit amach le déanaí i gCraobh Sinsear na hÉireann. Is seaimpín na Mumhan fé 19 anois é tar éis do an churiarracht a shárú le caitheamh an mheáchain ag 15.52 méadar!
Pobalscoil Chorca Dhuibhne tweet mediaPobalscoil Chorca Dhuibhne tweet mediaPobalscoil Chorca Dhuibhne tweet media
Suomi
0
1
4
350
Pobalscoil Chorca Dhuibhne
Bhí mná óga na Pobalscoile ana ghnóthach inniu agus iad ag tacú go láidir le foireann na mban. Léiríodar a meas mór tré fheiríní gleoite le teachtaireachtaí álainne a bhronnadh ar mhná PCD do "Lá na mBan". Buíochas ó chroí le rang 2M agus leis an gCoiste Meabhairshláinte.
Pobalscoil Chorca Dhuibhne tweet mediaPobalscoil Chorca Dhuibhne tweet media
0
0
1
186
Pobalscoil Chorca Dhuibhne
Bhí moltóireacht déanta ar dhaltaí na hidirbhliana inniu i gcomórtas Fiontair, comórtas a rithtear tré mheán na Gaelainne. D'éirigh go hiontach leo agus guímíd gach rath orthu.
Pobalscoil Chorca Dhuibhne tweet mediaPobalscoil Chorca Dhuibhne tweet mediaPobalscoil Chorca Dhuibhne tweet mediaPobalscoil Chorca Dhuibhne tweet media
CY
0
0
0
174
Pobalscoil Chorca Dhuibhne
Chuireamar ana fháilte roimis daltaí rang 6 atá páirteach sa Chlár Aistrithe scoile. Ana thús déanta acu ar a n-aistear scoile linn i bPobalscoil Chorca Dhuibhne.
Pobalscoil Chorca Dhuibhne tweet mediaPobalscoil Chorca Dhuibhne tweet mediaPobalscoil Chorca Dhuibhne tweet mediaPobalscoil Chorca Dhuibhne tweet media
Română
0
0
0
173
Pobalscoil Chorca Dhuibhne
Chuaigh daltaí Staire ón dara bhiain ar shiúlóid staire i rith na seachtaine. D'fhoghlaimíodar go leor fé Stair is Oidhreacht na háite. Stair á fhoghlaim trí thaithí, ar leic an dorais. Nach againn atá an t-ádh!
Pobalscoil Chorca Dhuibhne tweet mediaPobalscoil Chorca Dhuibhne tweet media
0
0
1
208
Pobalscoil Chorca Dhuibhne
Tallann, misneach agus fuinneamh ar stáitse le déanaí ag daltaí na hidirbhliana. Bhí díograis agus cumas le feiscint i ngach radharc do sheó na hidirbhliana "Croí Chorca Dhuibhne". Sár-léiriú a d'fhág ár gcroíthe lán. Comhghairdeas ó chroí libh go léir!
Pobalscoil Chorca Dhuibhne tweet mediaPobalscoil Chorca Dhuibhne tweet mediaPobalscoil Chorca Dhuibhne tweet mediaPobalscoil Chorca Dhuibhne tweet media
0
0
2
157
Pobalscoil Chorca Dhuibhne
Bhí ana bhua ag an bhfoireann rugbaí fé 18 an tseachtain seo i gcoinne CBS Thrá Lí. Go n-éirí libh sa chluiche leathcheannais an tseachtain seo chugainn.
Pobalscoil Chorca Dhuibhne tweet mediaPobalscoil Chorca Dhuibhne tweet media
Suomi
0
1
3
213
Pobalscoil Chorca Dhuibhne
Éacht iontach bainte amach ag an dtriúr chailín seo, a shroich Craobh na hÉireann i Scléip. Is ar stáitse mór sa Helix i mBláth Cliath a chan Hannah Ní Dhubhda, Sadhbh Nic Fhloinn agus Máiréad Ní Dhubhaigh. Bhain Sadhbh an chéad áit amach agus bhain Máiréad an dara háit amach.
Pobalscoil Chorca Dhuibhne tweet mediaPobalscoil Chorca Dhuibhne tweet mediaPobalscoil Chorca Dhuibhne tweet mediaPobalscoil Chorca Dhuibhne tweet media
0
1
8
553
Pobalscoil Chorca Dhuibhne
Ba chúis mhór bróid an corn iomráiteach Sam Mhic Uidhir a fheiscint tráthnóna. B'iontach na hiarscoláirí Brian Ó Beaglaoich, Paul Geaney agus Cathal Ó Beaglaoich a bheith inár measc, a shiúil na pasáistí céanna blianta ó shin agus iad anois ina laochra ar an ngort caide!
Pobalscoil Chorca Dhuibhne tweet mediaPobalscoil Chorca Dhuibhne tweet mediaPobalscoil Chorca Dhuibhne tweet media
0
3
14
2.5K
Pobalscoil Chorca Dhuibhne
Tráthnóna ceiliúrtha i bPCD leis na Cupaí. Bhí sé de phribhléid againn baill foirne na Gaeltachta agus Daingean Uí Chúis a bheith inár measc tráthnóna. Táimid ana bhródúil as ár scoláirí ardteiste, Cian Ó Gallchobhair, Oisín Ó Dubhda agus Ned Ó Riain. Mo sheasamh oraibh go léir!
Pobalscoil Chorca Dhuibhne tweet mediaPobalscoil Chorca Dhuibhne tweet mediaPobalscoil Chorca Dhuibhne tweet mediaPobalscoil Chorca Dhuibhne tweet media
CY
0
6
38
5.5K
Pobalscoil Chorca Dhuibhne
Bhí ana bhua ag an bhfoireann rugbaí inné i gcoinne CBS Thrá Lí. PCD 39  An Green 29. Maith sibh!
Pobalscoil Chorca Dhuibhne tweet media
0
0
3
638