
Jacqueline de Brún
618 posts

Jacqueline de Brún
@JacaideBrun























Comhghairdeas lenár mac léinn BOid, Aoife Ní Dhuibhghinn as an duais ficsin (fochéimithe) a bhaint ag Oireachtas na Samhna i mbliana! D'fhorbair Aoife an scéal mar chuid de LIT1013, modúl ar an litríocht chruthaitheach leis an Dr Caoimhe Nic Lochlainn.


📢Tá ríméad an domhain orainn príomhchainteoir an Tionóil Forbartha a fhógairt anois - @paulbilbao , Stiúrthóir/Zuzendari Orokorra Armentia Ikastola i dTír na mBascach📢 Beidh a chaint ag díriú ar *Úsáid shóisialta na mionteanga: Ag Foghlaim ó Euskadi* agus a bhfuil sé siúl i dTír na mBascach maidir le teanga an tsóisialaithe. Tá muid ag súil go mór le cloisteáil faoin gcomhthéacs ansin, na cláir agus an phleanáil teanga atá ar siúl, mar aon le tionscadail is forbairtí rathúla a bhféadfaí a thriail anseo agus go leor eile! Tá Paul Bilbao Sarria ina stiúrthóir ginearálta faoi láthair ar Armentia Ikastola, institiúid oideachais Bascaise le níos mó ná 1,200 páiste is duine óg ag freastal uirthi. Cuireann Armentia Ikastola tumoideachas Bascaise ar fáil do phaistí is dhaoine óga ó aois a haon suas go 18 ag freastal uirthi idir naíolann, naíonra, bunscoil, meánscoil agus ardscoil. Le níos mó ná fiche bliain anuas, tá Paul ag obair go dícheallach ar son na Bascaise. Bhí sé mar stiúrthóir ar Behatokia, an Fhaireachlann um Chearta Teanga, agus mar rúnaí ginearálta ar Kontseilua, Comhairle na nEagraíochtaí Sóisialta um Bascais. Bíonn sé ag labhairt go minic ag comhdhálacha idirnáisiúnta éagsúla ar bheartais teanga, go háirithe i réimse an oideachais agus tá go leor alt agus páipéar taighde scríofa aige. Tá muid an-bhuíoch de Paul Bilbao Sarria as taisteal an bealach ar fad ó Euskadi go Corcaigh le bheith mar aoichainteoir oinigh ag Tionól Forbartha 2025. Tá muid ag súil go mór le héisteacht leis.

Tá cúntóir taighde á earcú @sealbhu Post dhá lá sa tseachtain, conradh 11 mí. Gach eolas ar fáil: dcu.ie/people/jobs Tar ag obair linn chun an Ghaeilge a chur chun cinn! @DCU @FiontarGaeilge @DCU_IoE @sceal__ie





WANTED: Post-primary teachers with Irish language skills! We are running a part-time Diploma in Irish for Teachers (Upskilling) course, fully funded by the Department of Education and Youth. APPLY before 1.12.2025 for a January 2026 start. tinyurl.com/Diop-sa-Ghaeil…


